|
Tá
an-fháilte romhat chuig suíomh Eaglais na hÉireann,
agus míle buíochas duit faoin am a thóg tú
chun eolas a fháil fúinn. Deoisí ársa is
ea Tuaim, Cill Alla agus Áth Conraí. Clúdaíonn
siad limistéar ollmhór in iarthar álainn na hÉireann
agus is pribhléid dúinn a bheith inár gcónaí
ina leithéid de cheantar.
Pobal beag
atá ag Eaglais na hÉireann agus is minic na daoine a bheith
ina gcónaí i bhfad óna chéile, cé
go bhfuil siad an-díograiseach dá saol san eaglais agus
dá ngairm chuig an Iarthar. Tá dea-chaidreamh againn le
eaglaisí eile den chreideamh Críostaí, agus roinnimid
leo ar fad an phríomhghairm atá againn, beatha Íosa
Críost a chraobhscaoileadh agus a léiriú.
Tá
súil agam go mbainfidh tú sásamh as do chuairt
orainn agus go bhfaighidh tú tuilleadh eolais fúinn. Ba
mhór again do chuid paidreacha go speisialta.

|